top of page

Táimid ag Fás!

Tá foireann Raidió na dTreabh ag fás arís agus an uair seo tá comhfhreagraithe nuachta agus eagarthóir clár á lorg.

Beidh clár cúrsaí reatha á stiúradh ag ár Stiúrthóir Nuachta, Méabh Ní Thuathaláin (Nós.ie) in éineacht le Shane Ó Curraighín (Nuacht RTÉ/TG4) agus tá comhfhreagraithe á lorg le bheith ar phainéal chúrsaí reatha agus nuachta uair sa tseachtain. Beidh deiseanna freisin á chruthú dóibh siúd ar spéis leo feasacháin nuachta a chur ar fáil don stáisiún, mír a bheidh riachtannach nuair a bheidh an stáisiún ag craoaldh ar FM.

Anuas ar na róil sin, tá eagarthóir á lorg le clár seachtainiúil a chur le chéile. Ar an gclár beidh míreanna agus agallaimh éagsúil tógtha ó chláir na seachtaine, ar mhaithe leis na scéalta is mó agus na míreanna is spéisiúla chuile sheachtain a gcraoladh in aon chlár amháin gach Aoine.

Tá fáilte roimh dhuine ar bith cur isteach ar na róil seo, beidh traenáil ar fáil do chuile dhuine ar spéis leo bheith mar chuid den fhoireann iontach seo. Tá muid ar bís faoin fás agus forbairt atá ag tíocht ar an stáisiún agus ag súil go mór le bheith ag obair libh. Más spéis leat ceann de na róil seo a líonadh, nó má bhíonn tuilleadh eolais uait, is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag raidionadtreabh@gmail.com nó 091567824


Featured Posts
Check back soon
Once posts are published, you’ll see them here.
Recent Posts
Archive
Search By Tags
No tags yet.
Follow Us
  • Facebook Basic Square
  • Twitter Basic Square
  • Google+ Basic Square
bottom of page