top of page

Táimid BEO ar Fundit.ie - Tacaigh linn!!


A chairde,

Táimid anois beo ar an suíomh Fundit.ie agus tá bhur gcúnamh uainn!

Tá sé mar aidhm againn €8,000 a thiomsú ar mhaithe stiúideo a thógáil do Raidió na dTreabh. Clúdóidh an t-airgead seo costas stiúideo beag a thógáil, trealamh a cheannach agus costas ceadúnais chomh maith le seoladh idirlín agus bogearraí ar mhaithe le beoshruthú a dhéanamh ar ár gcláracha.

Táimid ag tnúth go mór mór lenas spás féin a bheith againn toisc go dtabharfaidh sé saoirseacht ama dúinn sceideal níos iomláine a chur ar fáil dar lucht éisteachta agus níos mó deiseanna traenála agus taifeadta don bhfoireann. Is mór againn bhur gcuid dtacaíochta agus cúnamh go dtí seo ach iarann muid oraibh tacú leis an bhfeachtas seo agus an scéal a scaipeadh i measc cairde, clainne agus ar na meáin shóisialta. Tá foireann agus fuinneamh iontach againn anseo faoi láthair ag Raidió na dTreabh agus táimid ag iarraidh tógáil air sin le bhur gcúnamh - tacaigh linn ag http://fundit.ie/project/raidio-na-dtreabh

Míle buíochas, Foireann Raidió na dTreabh (atá cuid acu le feicieáil sna físeáin seo..!)

Featured Posts
Check back soon
Once posts are published, you’ll see them here.
Recent Posts
Archive
Search By Tags
No tags yet.
Follow Us
  • Facebook Basic Square
  • Twitter Basic Square
  • Google+ Basic Square
bottom of page