top of page

Cruinniú Poiblí Raidió na dTreabh


A chairde,

Táimid iontach sásta a fhógairt go bhfuil tús á chur leis an bpróiseas stáisiún raidió pobail Gaeilge a bhunú anseo i gcathair na Gaillimhe.

Tá súil againn go gcuirfidh an stáisiún seo cláir spéisiúla, bríomhara ar fáil don phobal trí mheán na Gaeilge. Toisc gur raidió pobail a bheidh ann, beidh deiseanna do chraoltóirí óga agus éinne eile a bhfuil spéis acu sna meáin chumarsáide is cuma cén taithí atá acu cheana. Beidh deiseanna traenála ann chomh maith sula dtosaíonn na cláir. Ar ndóigh beidh neart oibre le déanamh leis an stáisiún a bhunú agus tús a chur leis an gcraoladh. Mar sin, beidh an chéad chruinniú á reáchtáil againn ar an 19 Aibreán anseo in Áras na nGael ag a 7i.n.. Tá fáilte roimh chách ag an gcruinniú seo ina ndéanfar plé ar na féidearthachtaí atá ann don tionscnamh seo agus an struchtúr a bheidh air agus na cláir a bheidh á craoladh againn.

Má bhíonn moltaí ná ceist ar bith agaibh maidir leis an gcruinniú, nó más mian leat ábhar faoi leith a chur leis an gclár, ná bíodh drogall oraibh teachtaireacht a sheoladh chugainn ag raidionadtreabh@gmail.com nó is féidir scairt a chuir ar 091 567824.

Ba mhór againn dá scaipeadh sibh an scéal, tabhair libh cairde chuig an chruinniú. Táimid ag tnúth le castáil libh

ann!


Featured Posts
Check back soon
Once posts are published, you’ll see them here.
Recent Posts
Archive
Search By Tags
No tags yet.
Follow Us
  • Facebook Basic Square
  • Twitter Basic Square
  • Google+ Basic Square
bottom of page