top of page

REIC, Gaelgáirí agus ceol go maidin!

Tá muid beagnach leath bhealach go sprioc ár bhFundIt a bhaint amach anois tá cúpla rud eagraithe don deireadh seactaine againn.

Beidh Reic agus GaelGAIRÍ ar siúl in Áras na nGael an Aoine beag seo mar chuid den bhfeachtas FundIt. Níl ach coicís fágtha an sprioc, €8000 a fháil. Beidh na himeachtaí ag tosú ag a 7 tráthnóna Dé hAoine sa chlub ar Shráid Dominic - áit ina mbeidh an stiúideo nua lonnaithe má éiríonn leis an bhfeachtas FundIt.

Beidh ceol ag DJ Will Softly agus Dave Barry go déanach tar éis an dá imeacht sin. An-oíche a bheith ann.

Is imeachtaí míosúla i mBÁC iad Reic agus Gaelgáirí atá ag teacht go cathair na Gaillimhe don oíche. Beidh ceolteoirí, amhránaí agus fuirseoirí den scoth le feiceáil ann, Emma Ní Chearúil - bunaitheoir Raidió na dTreabh ina measc.

€5 an phraghas d'imeacht amháin nó €8 don oíche iomlán agus an t-airgead go léir ag dul go FundIt, agus beagnach leath den sprioc faighte go dtí seo.

Chomh maith le sin beidh BBQ ar siúl Dé Domhnaigh le Gig ag na Spats Colombo agus mic oscailte ann chomh maith. Ag tosú ag a haon beidh bia, deoch, ceol agus spraoi ar fáil san Áras. Beidh Spats Colombo ag seinm ag leathuair tar éis a trí. Freisin beidh roinnt ceoltóirí iontacha ó Coláiste Lurgan ann. Agus beidh seans cluiche ceannais Laighean idir BÁC agus Iarmhí á feiceáil ag a ceathair sa chlub. Ná caill amach ar lá iontach spraoiúl san Áras - Bí ann.

Tús maith leath na hoibre mar a deirtear agus tús iontach curtha leis an bhfeachtas go dtí seo. Ba mhaith leis an bhfoireann buíochas a ghabháil le gach duine a thacaigh le feachtas FundIt go dtí seo. Agus cúpla seachtain fágtha anois b'iontach an rud an scéal a scaipeadh i measc bhur gcairde agus a gcairde freisin.

Ag tnúth go mór leis an deireadh seachtaine agus sibhse a fheiceáil ann.


Featured Posts
Check back soon
Once posts are published, you’ll see them here.
Recent Posts
Archive
Search By Tags
No tags yet.
Follow Us
  • Facebook Basic Square
  • Twitter Basic Square
  • Google+ Basic Square
bottom of page