top of page

Fógra tábhachtach ón bhfoireann !

A chairde,

Ar dtús, ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil libh ar fad as bhur gcuid tacaíochta agus as a bheith ag éisteacht leis na cláir atá taifeadta againn go dtí seo. Tá an-spéis léirithe ag an bpobal sa stáisiún, idir dhaoine atá ag iarraidh bheith ag obair linn agus daoine atá ag cabhrú linn. Tá muid fíorbhuíoch freisin as tacaíocht FlirtFM, a chuir a stiúideo ar fáil dúinn le linn na chéad chúpla seachtain.

Tá muid thar a bheith sásta leis an bhfoireann atá á cur le chéile againn agus tá cúpla duine nua le tosú linn sna seachtainí amach romhainn. Tá an-taithí ag cuid acu agus tréimhse caite acu ag plé leis na meáin agus an chuid eile is daoine óga Gaeltachta agus mic léinn iad atá ag foghlaim na teanga agus atá ag iarraidh cláir nua, spéisiúla a chur le chéile. An rud is tábhachtaí faoin bhfoireann, dar linn féin, ná go bhfuil meon dearfach agus smaointe úra ag chuile dhuine acu agus táimid ag tnúth go mór leis an méid atá pleanáilte acu a chloisteáil!

Faoi láthair is í an fhadhb is mó againn ná nach mbíonn ach cúpla uair an chloig in aghaidh na seachtaine againn sa stiúideo agus sna seomraí eagarthóireachta, agus mar sin níl muid in ann freastal ar líon na ndaoine atá tar éis spéis a léiriú i gcur i láthair clár, agus bíonn orainn agallaimh agus míreanna faoi leith a dhiúltú de bharr easpa ama. Ní dona an fhadhb í seo – ní raibh muid ag súil go dtarlódh sé chomh sciobtha, ach ba mhaith linn í a réiteach chomh luath agus is féidir, fad is atá spéis agus fuinneamh ann don stáisiún agus don togra seo.

Mar sin, tá beartaithe againn tús luath a chur lenár bhfeachtas FundIt ar mhaithe lenár dtrealamh stiúideo agus taifeadta féin a fháil. Cabhróidh sé seo linn traenáil a chur ar fáil, freastal ar ghrúpaí agus imeachtaí faoi leith nach féidir linn anois, agus tabharfaidh sé saoirse dúinn ó thaobh sceideadlú agus líon na gclár a bheidh á gcur ar fáil. In áit srianta a bheith orainn trí nó ceithre huaire an chloig in aghaidh na seachtaine a chaitheamh sa stiúideo, beidh muid in ann sceideal níos iomláine a chur ar fáil dár lucht éisteachta, agus níos mó ama a thairiscint dár bhfoireann agus dóibh siúd ar spéis leo míreanna a thaifeadadh dúinn.

Tá an t-iarratas déanta againn le FundIt agus níl muid ach ag fanacht ar dheimhniú uathu le tús a chur leis. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil libh as bhur gcuid foighde agus tuisceana le cúpla seachtain anuas nuair nach raibh ach cúpla clár in aghaidh na seachtaine á thaifeadadh againn, ach tá an-chuid oibre eile á déanamh ar an tionscnamh seo lena chinntiú go bhfeidhmeoidh sé go héifeachtúil agus go mbeidh ábhar ar ardchaighdeán á chraoladh againn.

Beidh bhur gcuid tacaíochta an-tábhachtach agus an feachtas FundIt á fhógairt againn, agus iarann muid go ndéanfaidh sibh é a scaipeadh i measc bhur gcairde agus ar na meáin shóisialta. Is togra iontach spéisiúil, spraíúil agus tábhachtach é, ní amháin dúinne ach don phobal agus saol na Gaeilge araon, is mór againn bhur gcúnamh leis.

Le gach dea-ghuí, Foireann Raidió na dTreabh


Featured Posts
Check back soon
Once posts are published, you’ll see them here.
Recent Posts
Archive
Search By Tags
No tags yet.
Follow Us
  • Facebook Basic Square
  • Twitter Basic Square
  • Google+ Basic Square
bottom of page