top of page

Clárach le tosú 3ú Bealtaine.


Beidh tús á chur le cláracha Raidió na dTreabh Dé Máirt, 3 Bealtaine.

Cláracha réamhthaifeadta a bheidh i gceist, taifeadta i stiúideo FlirtFM ar champas na hOllscoile i nGaillimh, agus beidh siad le cloisteáil i bhfoirm podchraoltaí ar an suíomh seo agus á scaipeadh ar na meáin shóisialta. Déanfar cuid de na cláracha a chraoladh ar stáisiún FlirtFM, chomh maith, áit ina mbeidh Raidió na dTreabh lonnaithe i rith an tsamhraidh.

Go dtí seo tá foireann bheag láithreoirí agus léiritheoirí iontacha ag obair ar chláracha éagsúla, ach tá forbairt le déanamh fós. Mar sin tá deiseanna fós ann d'éinne ar mhaith leo clár in aghaidh na seachtaine a chur i láthair, nó obair a dhéanamh mar thaighdeoir dár gcláracha rialta.

Chomh maith leis sin tá comhfhreagraithe de dhíth ar gach ábhar - más spéis leat mír bheag a dhéanamh linn ó am go chéile ar do rogha ábhar, tar i dteagmháil linn! Tá comhfhreagraithe spóirt, faisin, ceoil, siamsaíochta agus ábhar eile nach iad de dhíth ionas go mbeidh réimse leathan ag na cláracha atá á chur ar fáil againn.

Freisin, más mian leat eolas faoi aon imeacht nó nuacht áitiúil a scaipeadh riamh, nó más mar chuid de ghrúpa gur spéis leo bheith páirteach linn, is féidir teagmháil a dhéanamh le raidionadtreabh@gmail.com.


Featured Posts
Check back soon
Once posts are published, you’ll see them here.
Recent Posts
Archive
Search By Tags
No tags yet.
Follow Us
  • Facebook Basic Square
  • Twitter Basic Square
  • Google+ Basic Square
bottom of page